|
Article on other languages:
|
Se an Althing parlamaid naiseanta aig an Innis Tile.
EachdraidhBhí an t-oileán folamh suas go dtí an 9ú haois, nuair a shroich inimircigh ón gCríoch Lochlann, Éire agus Albain an tír. De réir an Íslendingabók (Libellus Islandorum nó Leabhair na hÍoslainnaigh), ba é Ingólfur Arnarson ón Iorua an chéad duine a chuir faoi sa tír, i Réicivíc i 870. Tháinig na Ceiltigh agus na Cruithnigh ag an am céanna, mar sclábhaíthe ar dtús. Ceapann roinnt scoláirí go raibh manaigh Éireannacha ina gcónaí sa tír roimh na Lochlainnaigh. Bunaíodh an Althing i 930 i dÞingvellir, 45km ó Réicivíc, agus cuireadh tús leis an gComhlathas Íoslannach. Saorstát gan rí ab ea í, suas go dtí an cogadh catharta Sturlungaöld i 1262, nuair a thógadh an tír mar choilíneacht Ioruach. I 1387, bunaíodh aontas nua idir an Danmhairg agus an Iorua, agus bhí an tír faoi riail na Danmhairgaigh. Briseadh an t-aontas i 1814 tar éis an Conradh Kiel, agus bhí an tír ina coilíneacht Dhanmhairgeach. Glacadh a riail féin i 1904, agus neamhspleáchas i 1918. Tir-eolasAn 18ú oileán is mó sa domhan í an Íoslainn, atá suite san Aigéan Atlantach idir an Ghraonlainn, an Iorua, Éire, Albain agus na hOileáin Fharó. Téann An Ciorcal Artach tríd an t-oileán Grímsey, atá suite in aice leis an cósta tuaisceartach. Páirt den Eoraip is ea í fós, cé go bhfuil an tír scoite ón mhór-roinn. Oileán bolcánach í an tír, agus tá 10% den tír clúdaithe le h-oighearshruthanna. Tá fiordanna suite sna cóstanna, agus tá an chuid is mó de na cathracha bunaithe orthu. Achar
Eolas ón Suirbhé Talamh Náisiúnta na hÍoslainne SgireanImage:District courts Iceland map.png
Réigiúin na hÍoslainne
Tá ocht réigiúin san Íoslainn, a úsáidtear i gcúrsaí staitistiúile don chuid is mó. Tá na postcheantair bunaithe ar na réigiúin seo chomh maith.
PoileataigsImage:Halldor Asgrimsson 4.jpg
Halldor Asgrimsson, Príomh-aire na hÍoslainne
Bunaíodh an pharlaimint nua-aimseartha, an Althing, i 1845, ach athbhunaíodh an tionól a bhí ann i 930 ab ea é i ndáiríre. Tá 63 teachtaí sa rialtas sa lá atá inniu ann, agus toghadh iad gach ceithre bliana. Is ceann stáit é an t-uachtarán, ach is é an príomh-aire atá i gceann an rialtas. De gnáth, ní bhíonn aon pháirtí amháin ábalta rialtas a chruthú ina aonar. Mar thoradh, bíonn comhrialtas ann go minic. Togadh an t-uachtarán gach ceithre blian freisin, bhí an toghchán is déanaí acu i 2004. CultarLitreachasTá roinnt scríbhneoirí rathúila ag an tír, mar shampla Halldór Laxness (é a bhuaigh an Duais Nobel i 1955), Guðmundur Kamban, Tómas Guðmundsson, Davíð Stefánsson, Jón Thoroddsen, Guðmundur G. Hagalín, Þórbergur Þórðarson agus Jóhannes úr Kötlum. Taobh amuigh den tír féin, scríobh W. H. Auden agus Louis MacNeice na Letters From Iceland agus iad ag taisteal tríd an tír i 1937. CeolTá a gceol traidisiúnta féin ag na h-Íoslannaigh, atá cosúil leis an gceol sna tíortha Nordacha eile. Bhí rath ag cúpla bannaí as an tír, mar shampla Sigur Rós, The Sugar Cubes agus amhránaí as an banna, Björk. Ceangailtean a-muigh |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
This article is from Wikipedia. All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License.
Mercedes Car
This site monitored by SitePinger.net